14 agus dúirt sé léi: “An fada a bheidh tú ar meisce? Cuir uait do chuid fíona.” |
15 D’fhreagair Hanná: “Ní amhlaidh atá agam, a mháistir,” ar sí, “ach is bean mé ar a bhfuil an-doilíos croí. Níor ól mé fíon ná deoch chrua ach bhí m’anam á dhoirteadh amach agam i láthair an Tiarna. |
16 Ná bí á cheapadh gur bean táir mé; mar i rith an achair is amhlaidh a bhí mé ag cásamh le barr bróin agus buairimh.” |
1 Urnaí an ainniseora an uair a dhoirteann sé a bhrón agus a bhuairt amach i bhfianaise an Tiarna agus é go tuirseach tnáite. |
2
A Thiarna, éist le mo ghuí; agus go dtaga mo ghlór ag triall ort. |
3
Ná folaigh do ghnúis orm, a Thiarna, an uair a bhím do mo bhuaireamh. Claon chugam do chluas nuair a ghlaoim ort; éist liom go luath agus freagair mé. |