An Briathar do Dé Domhnaigh, 19 Bealtaine, 2024
Múin dom do thoil a dhéanamh, óir is tú mo Dhia, a Thiarna. Go ndéana do dhea-spiorad mé a sheoladh, isteach sa talamh comhréidh.
Salm 143:10
Nuair a thiocfaidh sé, an tAbhcóide chugaibh, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais.
Eoin 16:8
9
Fuascail mé ó m’eascairde, a Thiarna; óir chuir mé mé féin faoi do choimirce. |
10
Múin dom do thoil a dhéanamh, óir is tú mo Dhia, a Thiarna. Go ndéana do dhea-spiorad mé a sheoladh, isteach sa talamh comhréidh. |
11
Cosain mo bheo as ucht d’ainm, a Thiarna; i d’fhíréantacht saor m’anam ón anacair. |
7
Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n-imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é. |
8
Agus nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais. |
9 I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam; |