An Briathar do Dé Luain, 6 Bealtaine, 2024

Scriobh Pól le Filéamón:

Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i m’urnaithe.

Filéamón 4

Scríobh Pól:

Nar stad mé ach ag gabháil buíochais le Dia ar bhur son agus ag cuimhneamh oraibh i m’urnaithe. Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.

Eifisigh 1:16-17